ABOUT US IRELAND

Eolas faoin Ghailearaí

Pic: “Ceart Daonna?” Sraith n-oibreacha le Kelly Ratchford ón ngrúpthaispeántas “A Terrible Beauty/ Áille Uafásach ”, a bhí san Seomra Ochtagánach, Teach Tionóil na Cathrach i mBaile Átha Cliath i mí Feabhra, 2015. Grianghraf le Michael O'Dwyer
Sa bhliain 2004 thosnaigh Olivier Cornet (a tógadh sa Fhrainc) ag obair mar choimeádaí neamhspleách, comhairleoir físealaíne agus gníomhaire ealaíontóra faoin ainm-chleite Olliart. D’eagraigh sé taispeántais éagsúla le h-ealaíontóirí a bhí bunaithe in Éirinn ar feadh tamaillín de bhlianta ach ansin chinn sé ar suíomh níos buana a chur ar bun i 2012 agus d’oscail sé a chéad ghailearaí san Foirgneamh Adhmaid i mBarra an Teampaill i mí Eanáir 2012.
I mí Bealtaine 2013, bhí mé ag bogadh thart arís agus mé ag obair i spásanna éagsúla mar an Filmbase agus Amharclann Smock Alley ach bhí mé fós ag lorg ionad buan.

I mí Eanáir 2014, cheap mé go raibh mo cheanncheathrú aimsithe agam faoi dheiridh ag 5 Rae Cavendish (i gCearnóg Pharnell, os comhair Amharclann an Gheata) ach fairíor, díoladh an foirgneamh sin freisin agus bhí orm bogadh arís. Ach anois tá gailearaí álainn faighte againn ag 3 Sráid Mhór na Danmhairge, díreach os comhair Ostán an Belvedere. Tá an-áthas orm a bheith ag fanacht sa cheantar stairiúl seo.

Leanfaidh mé liom ag eagrú taispeántais ealaíne comhaimseartha in ionaid éagsúla i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre as seo amach ach anois, ós rud é go bhfuil oifig agus gailearaí fairsing (50 méadar cearnaithe) agam i lár na cathrach, is féidir leat teacht agus saothar ár n-ealaíontóirí a fheiscint gan stró – i dtímpeallacht níos cúlráidí, i gcroí lár Cheathrú Chultúrtha Chearnóg Pharnell. Tá Gailearaí Cathrach an Hugh Lane, Músaem na Scríobhnóirí, Ionad James Joyce agus ar ndóigh, ár gcomharsa béal dorais, Amharclann O'Reilly i gColáiste Belvedere, lonnaithe san Cheathrú céanna ag barr Shráid Uí Chonaill. 

Beidh mé ag tnúth le fáilte chroíúil a chur romhat sa Ghailearaí go luath. Ná déan dearmad súil a choimeád ar “News” agus ar “Exhibitions”, le fáil amach faoin nuacht is déanaí, faoi imeachtaí spéisiúla, nó faoi taispeántais reatha agus taispeántais atá le teacht. 

Beir Beannacht agus Bua,

Olivier                                                                                                                    

                                                                                                  Aistrithe go Gaeilge agEoin Mac Lochlainn
Share by: